Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 283
  3. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Alt na Sheehan go dtí a teach le cannaí chun roinnt den leitinn d'fhághail uaidh. Bhí m'uncail a'rádh liom go raibh fear thart annseo agus go riabh muirighean mór aige. Ní raibh ach bó amháin agus taréis í a bhleaghan bhaineadh sé cuid den fhuil as a huth agus measgadh sé an fhuil leis an mbainne i dtreo go mbéádh go leor den bhainne aige le haghaidh na bpáistí.
    Bhí go leor tighthe in Gleann Gaibhleann an tam sin nach bhfuil ann anois. Níl in a náit ach na clocha bhí seacht tighthe in aon bhaile - Corraglas an tam sin agus níl ann anois ach na fothracha. Bhí bóithre a dhéanamh sa cheanntar seo in aimsir na Gorta - an bóthar go dtí an sráidbhaile - Damhsrath agus an bóthar go dtí " An Bearna Mór " atá i Sliabh Cailceach, agus ní raibh ach cúpla fear ag obair ortha mar bhí na daoine ró-lag taréis na Gorta chun na hoibre a dhéanamh. Sé an phágh a fuair na daoine a bhí ag obair ar na mbóthar go Damhsrath ná deich bpinghne sa ló, agus na fir ar a' mbóthar eile an méid céadhna. Sé an biadh a bhíodh aca ag am an lóin ná min coirce bheirbhithe in uisge. Lean galair an Ghorta agus leis sin fuair na sluaighte daoine bás leis an bhfiabhras.

    ó Tomás Mac Siordan
    Moneinsamhrám
    Gleann-Gaibhleann
    Co an Chabhán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Siordan
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Moneensauran, Co. an Chabháin