Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 240
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Coinneal ar lásadh.Sean duine beag dubh agus a theach ar ghualainn aige. Cread é sin?
Seilmide.Níl se a’ teastáil ón bhfear a rinne é, ná ón bhfear a cheannuigh é, agus an fear a bhfuil sé a’ teastáil uaidh ní féidir leis é fheiceál. Cread é sin?
CónraM’aintin sa choirnéal agus dhá chéad cótaí uirthe. Cread é sin?
Inniún.Droichead ar loch gan maide, gan cloch. Cread é sin?
Leach-oidir.Téigheann sé isteach ar ghuailnibh is teigheann se amach mar shnáithe síoda. Cread é sin.
An Deatach.Corcán óir lán d’fheoil bheo. Cread é sin.
Méarachán.
Cé an mhí is lugha a ghní mná cainnt?
I mí Feabhra.Sín amach do lámh ar t’aghaidh is cífir an rud nach raibh, nach bhfuil is nach mbeidh. Cread e sin?
Comh-fhad na méar.Tá sé dubh, is tá sé geal is preabann sé ar an mbóthar mar clocha sneachta. Cread é sin?Fuair mé iad sin ó Aodh Mac Siordan, Mag.
An Charraig,
Gleann Gaibhleann.- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin