Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)107
X1V
Do dhein Sé liugh is do leig Sé gáire
Agus do shíl Sé na cuig deóra ar an ionad san láithreach
D'éirigh an ghrian agus an ghealach i n-éinfeacht;
Do dhein dubh agus dearg d'en fhairrge le chéile,
Do chrith an talamh agus d'oscail na spéartha ,
le neart uathbháis agus anaithe an lae sin-
Colann gheal Chríost a bheith ag na deamhain dá réabadh.
XV
D'éirigh an t-éinín a bhí i n-uachtar an choill
Do gread a sciatháin agus do ghlaoidh ar Mhac mhuire
D'eirigh Mac Mhuire ó lic na Péine
Is do chuaidh Sé go Limbo go dtí 's na h-aithreacha naomhtha;
Do thóg Sé leis iad ag caitheamh an Féasta
San áit nár gádh dóibh biadh na Éadach
Clumh ná plaidí chun codlata dhéanamh .
Solas geal Dé chugainn agus suan siorraidhe na bhFlaitheasa
Go bhfaighid ár n-amnam le céile.- Bailitheoir
- Seán Ó Cinnfhaolaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séumas Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann