Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 103
Gearóid Mac Gearailt
File dob eadh Gearóid Mac Gearailt a bhí ina cómhnuidhe ins an Ceathrú Caol lámh le Sráid na Cathrach.
Gearóid na Caillighe a tugtai mar leas ainm air.
Bhí Gearóid la Domhnaigh ag Aifreann Chill Mháille .Bhí an phobal ann.Roimh Aifreann do tháinig fear i leith mar a raibh Gearóid .D'fhiafraigh sé de an an scríobhfadh sé fógra dó le cur ar an altóir mar gheall asal d'imthig uaidh an mhaidean sin.
Dubhairt Gearóid go scríobhfadh agus fáilte .Fuair sé peann dúbhach agus páipéar dó agus do scríobh Gearóid beagáinín de réir mar dinnis an fear dó;
Cuireadh an fógra ar an altóir :Bhí anairde ag fear nuair d'iompuigh an sagart amach chun labhartha leis an bpobal .Seo mar do leigh sé:
Athair miulach atá stáingeach ,gúngach
Do ghluais chun siubhal uaim go moch indiu
Do bhi ceann mór air ,earball scuabach,
Is bhí a chuid gruaige gan a bheith bán nó dubh,
Ní raibh crúdh ná táiringe ar a chrúba ach gága
Bhí a rumpa gearrtha agus marc na pús,
'S pé fear no buachaill ag a mbeadh a thuairisc ,
Do gheobhad mar dhualgaas uaim galún puins.Gearóid Mac Gearailt dob ainm an fhear atá luaidhte tuas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Edmond Connole
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An tOileán Bán, Co. an Chláir