Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)105
V1
Do tháinig gárda ionnsuidhe suas,agus do leag Sé a lámh suas lena leacain,
B'fuair é ná an drúcht is ná an sneachtaidh
Agus ba ghile É ná an bláth a bhí ag fás ar na crannaibh.
V11
Do thugadar leo É go dtig na Saoirse ,
Agus do chuireadar culaith 'madain sior suas Air.
Is do thugadar Air gach breith ba shaoire,
Breith go seacht sciúrséala ó mhaidin go h-oidhche.
V111
Ní sciúrsí maola ach sciúrsí géara,
Ní tairngí geára ach tairngí maola,
D'fhonn breis phiónóis a thabhairt do Íosa,
Arsa duine den tsluaigh ciar-dubh
'Seo mo lasc díbh-se ,Buailidh É mar níl Sé claoidhte.
1X
An fear a bhí ar an ngarda do dhein sé gáire
Agus d'fhiafhruig sé "An bhfuil tart ort indiú a Dhuine uasail:
Níl ,agus tuige go mbeadhimcrot ba dhíol truaighe É;
Go bhfuil mo chuid fola ag spealadh anuas liom
Go bhfuil mo chuid fola ag'na logaibh ag gluaiseacht,
Agusmo cleitheathacha le feiscint ag na sluaighthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cinnfhaolaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séumas Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann