Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Oiche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn Oidhche Shamhna againn an lá deireannach de Dheireadh Foghmhair. Bíonn ana spórt againn an oidhche sin. Bíonn bairghín breac ins gach tigh, agus ittear é i gcóir an t-suipéir. Bíonn fáinne, cipín, ceirt, pónaire, agus méaracán ann. An duine a gheibheann an fáinne 'sé is luatha pósfar. An té a gheibheann an cipín 'sé is luatha caillfear. An duine a gheibheann ceirt ní bheidh sé pósta go deo. An duine a gheibheann an pónaire cómhartha é sin go mbeidh saidhbhreas aige. An cailín a gheibheann méaracán is tailliúir a phósfaidh sí.
    Cuirtear dhá phíosa adhmaid thar a chéile i bhfuirm chroise, agus cuirtear ubhaill agus coinneall ar lasadh ar gach ra mbheann de'n chrois. Castar an chrois go tapaidh tar éis é do chrocadh as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn tSáile, Co. Chorcaí