School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 365
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cá ndeachadaidh siad acht bhí lorg a gcos ins an sneachta. Is cosamhail go bhfuair siad bás leis an ocras.Bhí fear eile 'na chómhnuidhe ins an gCeathramhan Dola agus roimh an gorta bhí sé saidhbhear go leór acht ní raibh rud ar bith lé n-ithe ins an ndroch-shaoghal aige.Bhí sé fhéin agu fear eile lé céile lá agus dúbhairt an fear a bhí leis go ndeachaidh sé go dtí doras tighe agus thosuigh sé ag cartadh seithe na bhfataí lé n-a mhaide agus ghá n-ithe.Bhí beirt fhear ins an Dún agus bhíodar ag iarraidh chloc a árdú acht ní raibh siad indhon. Tháinig fear siúbhal i leith agus dúbhairt sé leó nár ith sé greim lé trí lá. Fear mór láidir a bhí ann acht bhí sé lag leis an ocras. Rug sé ar an gcloch agus chaith sé thar an gclaidhe é. Níor shiúbhail sé acht deich slat nuiar a thuit sé. Bhí sé marbh nuair a chuaidh na fir chomh fada leis. Chuireadar annsin é agus cuireadh daoine eile ann freisin. Tugtar "Gleann na Marbh" ar an áit sin agus tá sé in aice leis an mbóthar mór.(continues on next page)
- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Peadar Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Dún, Co. na Gaillimhe