Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 387
- XML “Féilte na Bliana”
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fíona ins an tráthnóna.
Oidche Nodhlag Bheag:-
Tugtar Nodlag beag ar an 6 adh Eanair. An oidhche sin lasann na daoine 12 coinnil ar an fuinneoga. Lasann siad cupla coinneal ar gach fuinneóg agus fágann siad ann iad go mbíonn siad ar fad dóighte.
Domhnach Cinncíse:-
Tugann na daoine onóir mór do Dhomhnach Cinncíse mar is an lá sin a thuirling an Spiorad Naoimh ar na h-Apstoil. Glacann beagnach gach duine Coimíneach an lá sin. - Lá Féile Mártan
Tagann lá Fhéile Mhártan ar an 11adh Shamhain. Lá mór féile é mar, marbhuigheann gach duine rud eicínt in onóir do Naomh Mártan. Marbhuigheann cuid do na daoine bullán, muc, caoire no cearca in onóir dó.Deirtear gur ceart rud eicínt a marbhughadh in onoir dó agus bíonn sliocht ar na dhéananns é sin. Glacann sé gach uile rud roimh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Uigínn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doon, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Doon, Co. Galway