School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)

Location:
Killannin, Co. Galway
Teacher:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0067, Page 419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Ainbhthin
  2. XML Page 419
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní bhíodh aon té nó arán ann fadó ach fataí agus leite mine-bhuidhe. Nuair a thagadh na páistí abhaile ó'n sgoil leite mine-bhuidhe agus bláthach a bhíodh aca. Trí bhéile a bhíódh aca sa ló, an bricfeasta, an dinnér, agus an suipéar. Leite mine-bhuidhe a bhíodh aca ar maidin agus insan tráthnóna; agus fataí in ám dinnéir. Bláthach, salann, agus corr uair iasc a bhíodh aca leobtha. Ní raibh aca ach bord beag amháin a d'fhágfadh siad san gcoinnéil í gcomhnuidhe; as ciseóg a d'itheadh siad na fataí. Oidhche Nodlag bhíodh cáca beag mine-coirce aca a dhéanadh siad ar an bhfriocthán, agus sin é an méid uair san mbliadhain a mbíodh cáca aca. Ní raibh trácht ar bith ar cupan fadó ach saucepan. Bhíodh iasc aca oidhche Stiophán agus dá bhféadfadh siad gaoitín a fhághail sé a gheobhfadh siad. Oidhche Nodlag tharraingheochaidh siad an bord amach í lár an urláir, agus bhíodh cáca min-choirce, tae agus uibheachaí aca. Aon uair a mbíodh luach pun feola aca cheannuigheadh siad é. Feoil ghuirt is mo a ceannuigheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway
    Informant
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Gortnagroagh, Co. Galway