School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0459
  3. XML “An Dá Cheannaí agus Bua na Fírinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tugann sé leis ansin go dtí an teach a raibh an bh. u. tinn ann.
    Nuair a tháinig an C. isteach d'fhiafruigh sé cé'n chaoi raibh an bhean tinn. Dubhradh leis go raibh sí go dona. Ach ní dhearna sé ach an t-uisge a thabhairt di agus a rádh léi é chur uirthi féin agus go mbeadh sí níos fearr. Rinne sí amhlaidh agus bhí sí chomh maith agus bhí sí riamh. Thug sí na dóinte (dóithinte, is dóigh) airgid dó agus d'imthigh leis bródamhail go maith dhó féin.
    Ba ghearr ar an mbóthar é nó gur casadh C. na mB. dhó, agus d'fhiafruigh sé dhó cé bhfuair sé an t-amharc arís. Dubht C. na F. leis gur sluagh cuit a tháinig go dtí an áit a raibh sé agus go raibh siad ag cur síos ar a lethéid seo de thobar go raibh leigheas le fagháil ann. - Meas tú, adeir C. na mB., dá dtéighinn-se faoi'n mbarraile nach mbeinn féin i ndon leigheas a dhéanamh. - Táim cinnte dhe (go mbeitheá), adeir C. na F.
    D'imthigh le C. na mB. Cuaidh sé faoi'n mbarraile agus ba ghearr go dtáinig na cuit aríst agus thosuigh ortha ag cur díobh agus an t-uachtarán ag rádh go mb'aisteach a' rud gur fríothadh leigheas ins a' tobar seo agus gan fios ag aon rud air chun tosaigh orthab féin. - Nó, ar seisean, ar innis sibh d'aon duine é? Dubhradar uileag nár inis. - Ní bheadh baoghal ar bith adeir ceann acu, go mbeadh aon nduine ag éisteacht linn? Dubhradar uileag nach raibh. Ní féidir, adeir an t-uachtarán, go mbeadh aon nduine faoi'n mbarraile sin a d'inseóch' aon fhocal. Ní dheárna siad ach an b. iompú agus bhí an C. bréagach faoi. Ar an bpoinnte léimeadar ar fad in a mhullach nó nár fhágadar deóir ann. Thuit an méid airgid a bhí aige agus a raibh grúite (gnóthuighthe) aige ag (leis) an gceannaidhe fíor agus bhí a dhóthain aige an fhaid is mhair sé aríst.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic 'Ac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe