Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Adrigole, Co. Cork
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 093
  3. XML “Fathach agus Táilliúir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bí fathach in Éirinn fadó agus mharbhóchadh sé gach aoinne bhí sé cómh láidir san. Bhí tailiúr glic sa tír agus do chualaidh sé mar gheall ar an bhfathach seo. Chuir sé sgéala chuige go mbeadh triall aige air. Dheineadar fé dhéin a chéile i gcoill. Bhí an táiliúr in-áirde ar chrann nuair a shrois an fathach an choill. "Cé hé tusa?" arsan fathach "nú cad a thug annso thú?" "Fear iseadh mise" arsan táiliúr "do bhuaidh ar gach aon fhathach do sheasamh romham fós agus déanfhadh an cleas céadhna leat-sa." "Tar anuas as san" arsan fathach "nú go ndéanfaidh mé gráine snaoise díot." "Seadh" arsan táiliúr "beidh triall mar seo go fóil eadrainn." Chaith sé anuas cloch bhán as a phócha cun an fhathaidh. Dubhairt sé leis é do bhruighadh idir a dhá láimh. Do thriall an fhathaidh é agus ní fhéadfadh sé é bhriughadh. Do thóg an táíliúr mar a bheadh cloch bhán eile as a phóca agus do bhrúighaidh sé idir a dhá láimh é. Do chaith sé anuas 'na bruscarailh cun an fhathaidh é. Cnapán grotha do b'eadh é agus do cheap an fathach gurabh cloch é. "Tá buaidhte agat orm sa méid sin" arsan fathach. "Tar anuas go mbeidh triall eile againn ar a chéile ar an dtalam." "Beidh imirt comán againn ar a chéile acht caithfimíd pairseach d'ól ar dtúis féacaint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann