Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Donnchadha an Chaipín agus an Dreoilín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair an dreólín iasacht leath choróin ó éan éigin eile fadó chun tig a dheanamh. Dhein sé an tig agus ní thabharfadh sé an leath choróin thar n-ais. Chur an t-einín an dlighe air acht san am seo bhí ál mór dereóilíní tógtha suas ag an ndreóilín agus níor aithim an t-éinín é chun an capall ban tabhairt do. Chuaidh donnchadh an chaipín i n-urúdhas go dtabharfadh sé féin an capall bán do. Do imthig donnchadha go tig an dreóilín agus bhí sé féin agus a chlann isitg ag bualadh coirce agus níor aithn donnchada é ó na chlann.
    Chuimhnig sé ar plan. "Mo graidhn do bhuille a sheana bhuachaill", ar seisean. Do sheasaim an seana dreóilín suas agus ceann air agus dubhairt sé go raibh fios aige go raibh sé níos fearr ná a chlann fós. D'aithn donnchadha ansann é is thug sé an capall bán do. Bhí Máire Ní Trúis sa dorus siní bean Donnchadha agus ruith an dreóilín amach is thug sé póg di agus tháinig éad ar Dhonnchadha ansann agus deirtear go dtugan sé dala di go minic ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muircheartach Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann