Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 012
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Donnchadh Dall Ó Súileabháin file ó bharr an Ghleanna Gairbh

    Feach "Diarmuid na Colgaide agus a Comhairshain" leathnach 133.
    Donnchad Dall ÓSúileabháin file ó barr an Ghleanna Gairbh
    adubhairt é seo thíos do réir Con Billy Clasach.
    Dall bocht gan aon ní aige agus ceathrar nó cuigear cloinne aige.
    Fuair sé gamhainín ó chomhairsain agus bheathuig sé é -
    saghas beathú) go dtí go raibh na "bó" mar adeadh.
    ----------------------------
    I
    Is agamsa tá an rábaire bó dheas
    Do tháinig go h-óg chugham gan cháim
    Is má mhairfead beidh bainne ag am' chualthach
    Go fairseag is uachtar á bhárr.
    II
    Beidh soithcach (sathach) sa tseachtainn a límadh
    Is [?] á scríobadh ar an stave
    Is beidh airgead feasta chun cíosa
    Im spagadh chun díol le John Payne (an tágent).
    III
    Ní fheadar-sa i gcúig árdaibh an tsaoghail seo
    Cá bhfaghad tarbh chun dára domh bhó
    Ó díolas an [?] a bhí ag Seán thiar
    Ar aonach Cill Áirne ins a bhfoghmhar
    (Seán - a dhritháir.)
    IV
    Mar tógan sí an ceó is an brón dím
    Nuair a chloisim-se chugham an ghead bhán
    Mar ba bhinne liom scob uaithe búirthig
    Ná an smolach ar dhrúcht maidean ceóidh
    V
    ''
    ''
    Dá [?] go Sasanna an Bhéarla
    Go dtógfainn an prize ann lem' chalf.
    (Is cuimhin le Con Billy go maith Donnchadh Dall)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge