Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “An Fear go Raibh Leanbh le Baisteadh Aige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Ní ghlacadh sé le Dia mar athair baistí ach glac leis an mbás)
    Seana scéal
    Bhí fear ann fadó agus bhí leanbh chun baistí aige. D'imthig sé cun Cairde Críost d'fháil. Casadh fear air agus d'iarraidh an fear dó cad a bhí uaig, dhubairt sé go raibh leanbh chun baiste aige. D'iarradh sé air é thubhairt dó féin "Cé é tusa" "Mise Dia". Ní gheobhair é pé scéal é. "Tugann tú breis de alán agus ní thugain tú pioc do alán eile", Do imthig sé air agus casadh fear eile air. Doinis sé a ghnó do sin. D'iarraidh an fear sin é do thubhairt dó féinig. "Cé é thúsa?"
    "Mise an Bás" ar seisean . ó gheóbh tú é" ar seisean "mar tusa an fear ceart tógann tusa an t-olc agus an mhaith leat" Thug an bás buidhéal don fhear go raibh gach sort leisgheasana ann . Agus dubhairt sé leis gan an corc do bhaint de. Do bhí an an fear ag déanamh alán airgid as na leigheasana. Lá amháin do bhí sé ag bádóirearcht Nuair abhí sé cun a dhinnéir a thógaint bhain sé an corc in dhearmhad den buidéal. Léim na leigheasana amach sa bhfarraige uaig.

    Mo mhatear do inis an scéal seo, agus fuair sí sin ón a h-athair (Peadar ógánaigh Ó Suileabháin ó Trá Fraisc. Bé Peadar so an 1adh leanbh baisteadh san eaglais nuadh in Fadargóil Nodlag 1847) atá anois imthighthe ar slighe na fírinne. Beannacht Dé ar a anam.
    Na hógánaigh tugtí ar a muinntir. Thugadh an t-Athair Séamus McDomhnaill (R.I.P.) Peter Bachelor air cun spóirt (Murt)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conchubhar Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill Droma Limh, Co. Chorcaí