School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhe thuas i nDoirnín fadó[?] Bhí cráin agus áll banbhaí aige i gcóir an aonaigh[?] Bhí sé chun an chráin do thabhairt i gciseán agus na banbhaí do thabhairt i gciseán eile, ciseán ar gach taobh de'n chapall. Ní raibh an bóthar atá ann anois ann in-aon-chor an uair sin. Thuas ar an áit gceadna ina bhfuil tig Sheáin Uí Sheaghdha[?] déanta anois abhí a thig. Síos bóthar Béarna Thaidhg Gabha a chuaidh sé agus síos le hais na habhann. Nuair a shrois sé an chéardhta le hais droicidín timpeal míle ón dtig 'seadh chuimhnig sé ar cad a thabharfadh sé abhaile leis. Do ghlaoidh sé ar a mhnaoi. "A bhean" ar seisean, "an leath-dosaon ba seasca nú leath-dosaon uan a thabharfad sé abhaile [?]" "Glan leat a amadáin" ar sise. Do chuaidh sé don aonach gan a fhios aige cad a thabharfadh sé abhaile leis. Ach is é rud d'imthig air ná nár tháinigh aoinne cun iad do cheannach uaidh.
Nuair a tháinig sé abhaile ó'n aonach bhí sé féin agus a bhean ag cur is ag cúiteamh go ceann abhfad. Ar maidin lár na mháireach d'éirig sé go moch agus thiomáin sé an chráin agus an áll banbhaí suas go pluas abhí thuas i Leacha Riabach agus d'fhág sé ann iad go ceann(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Doirín Uachtarach, Co. Chorcaí