School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 126
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí dreoilín ann fadó agus bhí stáca coirce aige le bualadh.”
Bhí dreoilín ann fadó, agus bhí stáca coirce aige le bualadh. Thosnuig an t-ochtar mac ar bualadh agus bhí an seana dreóilín ag feachaint ortha. Nuair a bhí an stáca geall leis críochnuighthe, agus nuair abhí an t-ocjtar tuirseach traocta, thóg an seana dreóilín an súaiste agus thosnuig sé an bualadh, agus níor stad sé gur chríochnuig sé an stáca. Nuair a fuair sé ná raibh aoine dhá mholadh, dubhairt sé, "Mo ghraidhin croide buile an t-sean-fhir.- Collector
- Seán Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Bawn, Co. Cork
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus do chas sprid leis oidhche amháin.”
Bhí fear ann fadó agus do chas sprid leis oidhche amháin, agus dúbhairt sí leis, "Má fhreafró; thú na tri ceisteanna seo leigfidh mé duit imtheacht" Annsan dúbhairt an sprid, "coineall is coinnleó ann agus cuirse leath rann ar san,?"
"Coilleann a bhainfaí roim Shamhain do chuirfaí mar cheann ar thig." Agus dúbhairt sí arís, "Coiuneall is coinnleor ann agus cuirse leath(continues on next page)