Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Furraglaun, Co. Clare
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 490
- XML “Seanscéal”
- XML “Scéal - Bríghid Ní Mocoirghe agus an tUaireadóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)490Cailín Ó Litir Ui Ceallaigh,
Sráid na Cathrach
A thug an sgeul seo istigh uaithe. - Ins an am fadó theigeadh na daoine mór-thimcheall Sráid na Cathrach go dtí Luimneach nó go Gaillimh leis an arbhair mar b'ins na cathracha sin bhí an pingin b'aoirde le fághail air. Bhíodh dachad míle le deanamh aca agus caithidis seachtmhain amuigh trí lá ag imeacht, dá lá ag teacht abhaile agus lá ag an margadh.
Bhí dream daoine ag dul ó Sráid na Cathrach go Luimneac lá le h-arbhar do dhíol agus nuair a bhíodar soir comh fada le Cora Caitlín d'iompuig an aimsear go dona ortha. Bhí anaithe gaoithe agus an clag ar naig comh h-olc san gurb éigin leo cur fútha an oidhche sin i dtigh ósta sa gCathair. D'itheadar an suipéar agus caitheadar an oidhche mór thimcheall an teineug scealaidheacht agus ag seancaidheacht. Bhí gach aoinne sa tig ana-mhuinteardha leis na dteastálaidhte acht amháin buachaill aimsire a bhí ann. Duine doicheallach dob eadh é súid. Tar éis cúpla cnagaire an duine dól chuad ar a gcodladh agus níor b'fada gur thuit trom-suam ortha. Nuair d'eirigeadar ar maidin bhí uaireadóir airgíd a bhí ag fear aca darbh ainm Diarmuid Ó Brian imtighthe uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)