Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 467

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 467

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 467
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Scéal i dtaobh Bríghid Ní Mochoirighe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Do bhí lanamha ann fadó agus is í mo thuairim ná raibh an saoghal ro mhaith acu air cuma éigin pe sgeul é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ansan agus beir é fein leat.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seo sgeul a fhuaras ó Comharsain i dtaobh Brighit Ní Mochoirighe, timcheall cúig is fiche bliadhan ó shon.
    Bhí úncal agus aintín ag an bhfear seo, in a gcomhnuidhe leo féin i dteach san tuath. Tháinig saghas íarcoide ar ghiall an duine seo agus do dhein sé a dhícheall a leigheas acht do theip air go h-iomlán. Annsoin shocruigh sé in a aige[?] cuairt a thabhairt ar Bhrighid. Bhí Brighid in a comhnuide i n-oirthear an Chláir agus ós cionn triochadh míle ó'n bhfear breóite. Bhí sé ar an ród i gcaitheamh na h-oidhche agus do shroich sé tigh Bríghide go moch ar maidin. Ní raibh aoinne ann roimhe acht Bríghid féin. Chuir si fáilte roimhe agus d'iarr air teacht suas i seómra. Do chuaidh agus tharraing Brighid buidéal amach ar bosca agus d'feuch isteach ann. Leag sí an buidéal go h-obann anuas ar bórd san seómra agus d'imthigh síos ins an gcistin agus ag fágaint an cuairtéoirí ins an seómra leis féin. Nuar a bhí Brighid ins an gcistin rug an fear seo ar an mbuidéal agus d'fheach isteach ann. Agus can a chonnaic sé istigh ins an mbuidéal? A dhreafúir d'fhág sé ag baile 'na dhiadh i bhfeighil an tighe. Ní chall a rádh gur gabh iongnach mór é acht nuar d'airigh sé coiscéim Brighide ag teacht chuige, lag sé uaidh an buidéal agus níor leig sé dadamh ar féin. Annsoin fuar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Bidí Ní Mhochóirí (~186)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhrainín, Co. an Chláir