Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 515

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 515

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 515
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí meitheal ag feirmeóir uair, ag baint prátaí, agus nuair a bhíodar go léir suidhte síos chun dinnéir, cé bhuailfeadh isteach cuca ach sagart an pharóisde. Bhí dhá fhear deag aca ann agus iad go léir san ithtad. Bhí duine aca 'na shuidhe ag bun an bhúird agus a chasóg de, brollach a léine oscailte siar, a muinncillí árdaithe suas aige. "Muise a Thaidhg" ars' an sagairt, lem duine ar bun an bhúird, "ní fhaca mé go dtí indhiu tú, agus do chasóg díot. Tá deallramh na h-oibre o[r]t anois ar aon chuma". Gháir gach aoinne aca, mar thuigeadar cad a bhí an sagart ag tagairt ar. Bheil a athair an bhfuil fhios agat, ná bhfuil aoinne des na fearaibh seo, sa meitheal indhiu, na fuigheann sé coimeád suas leis an romhar. Lem' chasóg orm, ach dá bhrígh na scéine seo bheith im' láimh agam" arsa Taidhg. "Ní bhfuil aon Criostaidhe dhíobh seo na buadhfadh glan orm san obair seo atá idir lámha anois againn, gur faobhar a chur orm féin cuige." "Sin e an chúis a athair an deallramh neamh-coittianta a chíonn tú orm". D'fhág sin maolchluasach go leór iad idir sagairt agus fearaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge