School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Forghleann, Co. an Chláir
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 430

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 430

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 430
  3. XML “Fir Láidre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 430
    Fir Láidre
    Bhí fear darab ainm do Pádraig Gallery ina comhnuidhe i nGleann timcheall míle ó Inis Diomáin tuairim triochadh bliadhain ó shoin. Fear ana láidir dob eadh é go mór mór bhí na fiacla agus na giall thar bárr aige. Bhí sé beagán tugtha do'n ól agus oidhche bhí sé i siopa in Inis Diomáin agus mar gnath leis cuideachta in a fhochair. Bhíodar sugach go maith agus bhí gach duine aca ag cur síos ar na gníomhartha móra a rinne sé i rith a shaoghail. Thug Pádraig tuairisg ar na neithe iongantacha a dhein sé le 'na fhiaclaibh. Is cosamhail gur cheap an cuideachta go raibh cuid aca do-chreidthe. Cuireadar geall leis ná togfadh sé fear trom beathuighthe - 15 cloca ar mheadchaint a bhí 'na measg ar an urlár.
    Glach Pádraig leis an ngeall agus cuireadh an fear reamhar 'na luighe ar braitlín ar an urlár. Snaidhmeadh an braitlín timcheall air agus rug Padraig greim le 'na fhiacla ag siubhail sé timcheall an urláir gan móran duada agus an beart daonda ar crocadh ó'n a bhéal.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnaill Gallery
    Gender
    Male
    Address
    Inis Díomáin, Co. an Chláir