Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 455
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Mac Cuirtín agus fear eile ag dul ó Lios Dún Bhéarna go Baile Bhachán agus iarr Mac Cuirtín ar an nduine eile a mbeadh sé ar a chumas amhrán do cumadh nó sgéal d'innsint nó rud mar sin do dhéanamh. Dubhairt an fear eile ná feadfadh sé. Chuir Mac Cuirtín geall leis go mbeadh sé ar a cumas amhrán do cumadh. Bé an geall galún punch. Do shuileadar slighe gearr an chonnaic an fear uan agus seo adubhairt sé.
    "Feac an t-uan saithte ar bun a toir"
    Bhí Mac Cuirtín ag éisteacht acht ní dubhairt sé dada. Chonnaic an fear rud eile agus seo adúbhairt sé.
    "Cloidhe crainn leas 'stig de'n wall". Bhí Mac Cuirtín ag eisteacht. Do leanadar mar sin gur scroiseadar Líos Dún Bhéarna. Do stadadar annsin.
    "Do dhein tú amhrán arsa Mac Cuirtín. "Níor dheineas ars an fear. "Éist" arsa Mac Cuirtín.
    "Feach an t-uan saithte an bun a toir.
    Cloidhe crainn leas 'stig de'n wall
    Cos is truaic taobh amuigh de'n uaim
    Is nach fad síor ó stúir na luinge atá an bád".
    D'óladar an galún punch eathtorra an oidhche sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus O' Donoghue
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bánsliabh, Co. an Chláir