School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Forghleann, Co. an Chláir
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 464

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 464

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 464
  3. XML “Scéal - An Scilling Bréagach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do casadh Sean O Briain agus Seamas O Néill ar a chéile i mBlá Cliath coúpla bliadhan o shoin. Sean carad dob'eadh iad agus is mór an t- áthas a chuir an teacht le chéile ar an mbeirt. Do chuireadar suim an domhain ar iománuidheacht agus an tráthnóna sin bhí cluiche le bheith ar siubhal i bPáirc an Chrócaigh agus budh mhaith leis an mbeirt aca dul ann. Acht ní raibh an méid airgid ag Seumas is a dheanadh gleo ar greideal agus ní raibh ag Seán ach píosa dhá sgilling. "Do thabharfainn sgilling duit is fáilte" arsa Seán, acht dá dtabharfainn caithfinn deunadh gan gal tobac an t-seachtain seo chúgainn, acht feuch tá sgilling breagach agam agus b'fhéidir ná tabharfaidhe fé ndeara é ag an ngeata". Dubhairt Seumas go mba mhaith an cuimhneamh é agus go raibh sé sásta ar fogha a bhaint as ag an ngeata. D'imthigh an beirt fé dhéin páirc an imirthe agus nuar shriochadar an geata d'fhág Seumas an t-airgead bréagach go dána ar an mbórd agus leigeadh isteach é gan ceist. Tamall i na dhiadh sin d'éirigh le Seán dul isteach agus nuar casadh istigh ar a chéile iad bhí Seamas ag léimrigh agus ag gáraidhe le neart áthas agus ag lúirigh go h-árd "nách mór an t-ádh a bhí liom". "Is eadh" adubhairt Seán go searbh stumcha[?] "acht ní mar sin domhsa é. Fuaras an sgilling bréagach mar shóinséal ar mo phíosa dhá sgilling agus feuch anois caithfead trosgad ó tobac an seachtain seo chúgainn".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Language
    Irish