Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “Leigheas na Triucha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Am amháin bhí an triuch go fíochmhar i n-áiteanna agus inghean amháin bhí ag mnaoi bhocht bhí sí i mbaoghal bháis ó'n ngalar. Bhí fhios ag an mháthair go raibh leigheas ag fear a bheadh ag marcuidheacht ar capall bhán. Is mo súil mí-fhoighneach a chaith sí i ngach árdfeuchaint a mbeadh a leithéad le feicsint. An maidin seo d'éirigh a croidhe nuar chonnaic chuici marcach ar lár bhán ag teacht aniar an ród. Amach lei gan puinn moille roimh an fhear, acht go mí-adhmharach cé bheadh ann acht dearg namhad di. Acht mar sin féin cuimhnigh sí ar a paiste tinn agus d'iarr sí congnamh ar an bfear mar seo:-
    "Iaraim ar fhear an chapaill bhain can a leisfeadh an triuc", agus seo mar do leabhair se "Sliabh Calláin do bheiriú i meidhg di agus seacht d-troighid i n-éinfheacht leis an d-triuch".
    Cífear ó'n bhfreagra seo ná raibh mórán maitheamhnas le fághail ó'n bhfear seo, gur díoghaltas bhí fonn air a thabhairt i n-ionad leighis, acht d'réir bealoideachas na h-áite is teannaidhe a bhí an t-ádh air as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. triuch (~234)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus O' Donoghue
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bánsliabh, Co. an Chláir