Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 489

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 489

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 489
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    muilneóir "is maith an smaoineamh do bhuail mé" agus anuas leis as an ardán in a raibh sé agus do bhaile sé chuige an saidhbhreas go léir agus seo leis abhaile lán t-sásta leis féin. Chaith sé an lá sin ag cóimhreamh an saidhbhreas agus do theip air fhághail amach cad a bhí ann.
    D'iarr sé annsoin ar a mhnaoi dul go dtí teach an tighearna agus a iarr air teacht chun congnamh a thabhairt dóibh ar an saidhbhreas a cóimhreamh. Do dhein an bhean amhlaidh. Níor chreid an tighearna í agus is seo mar do leabhair sé "Nách dána an gnó agat bheith ag deunamh magadh fúmsa a aindeiseóir[?] mí-ádhmharaigh". Acht mar sin féin chuaidh sé lei agus nuair a chonnaic sé an t-airgeag d'íarr sé cá bhfuair sé é. " A thighearna" ars an muilneóir" sin é a bhfuaras ar croiceann an sean-bhó úd go raibh sé de cineáltacht ionnat í mharbhú dom. "Eist" ars an tighearna "is cosamhail go bhfuil croiceann gann anois". Do dhíol se iarnais agus do mharbh sé fiche bó agus bhain an croiceann díobh agus chuaidh sé go dtí an margadh leo. Níor cheannuig aoinne iad. Is amhlaidh a bhí gach aoinne ag deunadh magadh fé agus b'éigeann do d'fhill thar nais abaile lán de brón agus díombáidh. Do dhíol an muilneóir an muilleann agus d'imthigh thar lear agus do mhair sé féin agus a bhean ann go sona sásta an chuid eile dá sháoghail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge