Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 491

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 491

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 491
  3. XML “Scéal - Bríghid Ní Mocoirghe agus an tUaireadóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cheap sé i dtosach gurbh amhlaidh a thóg duine dá comhluadar féin é chun grinn a dheanamh air acht deimnigeadh do go raibh an t-uaireadóir imtighthe i ndáiriribh agus is beag nár leag sé an tig le neart feirge. Dhéin sé gearán leis an ostóir, acht i n-ionad aon cathú bheith ar an óstóir i dtaoibh an droch gníomh seo is amhlaidh d'éirigh sé ar buile le Diarmuid toisg go raibh sé ag iarraidh a cháil féin a bhriseadh. D'éirigh Diarmuid ar buile i dtaobh an uaireadóir agus thug sé íde na muc is na madraoi dó. Dubhairt sé ná raibh ina chuid cainnt acht sgeul thairis agus gurbé a thuairm féin nárb é an ceud uair a dheinneadh goid in a thigh. Bhíodar ag dul i scornaigh a cheile nuar d'airigheadar bean ag cainnt ag an ndoras agus stadadar.
    "Maise an fhaid a mhairfeadh sibh féin go mairfead bhur mbeas" ar sise go searbhasach. "Ní minic a bhíonn imreasán annso a Bhrighid" arsan óstóir acht nuair cuirtear gníomh mar dhein sé i leith duine ni h-aon iongnadh go mbeadh imreasán ar siubhal". "Cad d'éirigh eadraibh?" arsa Bríghid. "Tá an beitheamhnach seo" arsan óisteóir "ag bagairt ar Diarmuid a rádh gur goideadh uaireadóir uaidh aréir nuair a bhí sé in a chodhladh agus sé mo thuairm láidir ná raibh uaireadóir aige i n-aon chor".
    "Tóg go bog é" arsa Brighid" agus bféidir go mbeidh a mhalairt de sgeul agaibh ar ball" agus ar sise le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge