School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)

Location:
Ballymacravan, Co. Clare
Teacher:
M. Mac an Airchinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 353

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 353

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Page 353
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 353
    An droch-saogal.
    Is deacair a thuiscint sgeul úathbás na sean-daoine a mhair ins an droch-aois .Fadó bhí an oiread fé dhó de dhaoine sa cheanntar agus a bhfuil ann anois ach in aimsear an Gorta i mbliáin 1846,'47' 48 bhiodar ag fághailt bháis ina dosaónaibh.
    Thánaig an dubh ar na prátaí agus theipeadar ach creidtear gur fhás an oiread de críocán a dhein síolta i gcóir na haith -bhliana.
    Bhíodar chómh beag san go bhféadfaí iad a scaipeadh mar a scaipfeá síoltai.Ní haon ioghna daoine a feiscint fuar marbh ar thaobh an bhóthair agus ríain féir in a beólaibh.Im' cheanntar féin fuair a lán daoine bas mar ta fothracha de na tighthe ina rabhadarina gcómnuidhe fós le feiscint.'Sé an bíadh ciotcíann a biodh aca na turnaipí agus geanna.Cómnuigh fearim'cheanntar agus chas sagart air lá ,"na cuir aon prátai go deó a fhear ,ní fhásfaidh síad coidhche "arsa sé ac is dócha gur thug an fear an cluas bodhar dó agus bhí an ceart aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Conaill
    Gender
    Female
    Address
    Glen South, Co. Clare