School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)

Location:
Ballymacravan, Co. Clare
Teacher:
M. Mac an Airchinnigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Page 318
  3. XML “Áitaimneacha”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    7) An Riasc
    Móinfeár in a bhfásann lúachra agus bíonn an talamh bog ann.

    8) Mothar Tobar
    de bhrígh gur ins an móinfhéar seo tá an tobar suidhte.

    9) Páirc na Carraige
    Tá mórán de clocha is carraigeacha le fághail annso.

    10) Páirc an Dób Buidhe
    Bhí garrdha ann úair amháin agus tá an talamh mí-réidh, neamh-torthamhail anois.

    11) An Móinfhear Bán
    Móinféar in a mbíonn an féar níos báine ná mar is gnáth.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 7ad Nollag 1937
    Leigheasanna
    Biodh mórán de leigheasanna ag ár sinnsear chun gach saghas galair do rúagadh.Seo cuid acu.
    1.Bhíodh sort draoidheacht ag duine a rugadh tareis bháis a athair chun glair an teangan do leighis.Sé an caoí in a deintí é ná,shéideadh an duine a anál ar teangain an leinbh trí maidne i ndiaidh a chéile ,ar coingheall go mbeadh ag trosgadh.
    2.Dá mbeadh dóghtheán ar chorp an duine agus dá gcimilóeadh sé a teanga le druim an arc luachra agus annsin caithfeadh sé séideadh ar an dóighteán agus deirtear go leighsóchadh sin é .
    3.D a mbeadh duine ann le cnead nó pían agus dá gcimilócadh madra a teanga leis creidtear go dtiocfadh feabhas air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Chríocháin
    Gender
    Female
    Address
    Ballingaddy West, Co. Clare