School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 314
- XML “Scéilín ó Ghleann Eidhneach”
- XML “Scéilín ó Ghleann Eidhneach, Baile Bheacháin, Co. an Chláir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)314
deirtear go cionn cuid an eascú iongantach sin agus na gearra in a dhruim. - Bhí bean ina cómhnuidhe ina haonar i tíghín deas tamall ó mo bhaile -sa.Aon oidhche amháin chuaidh sí ar cúairt go dtí a cómharsa agus d'fhan sí ann sí ann go dtí tímcheall aon déag a chlog .Annsin chuaidh sí abhaile agus núair a bhí sí inaice an dorais chuir sí a lámh amach chun é a oscailt is é rud mór bhog a chonnaic sí. Baineadh geit aistí geallaim duit acht mar sin féin léim sí thairis agus chuaidh sí isteach.Ní raibh gíog aistí mar bhí eagla mór uirrthí.
Chuaidh sí chun leabaidh acht ní raibh sí i bhfad ann núair a chúala sí an cnead agus an dranntughadh. D'eirigh sí arís agus amach léi an doras ar nós na gaoithe .Chuaidh sí arís síos go dtí an tig céadna .D'innis an sgéal go léir dóibhagus d'íarr sí ortha congnamh a thabhairt dí.
Thánagadar súas léi agus bhí an rud ann fós .Bhí scannradh ortha go léir.Chúadar go dtí é agus cad a bhí ann ach fear agus é ar meisce.
Chuaidh an bean abhaile agus an déistean uirthi mar gheall ar an gníom meatta a bhí déanta aicí ,agus d'imthigh an faittíos dí gan moill.- Collector
- Siobhán Ní Cathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Murragh, Co. Offaly