School: Carrigaline, Ráth Mhór
- Location:
- Carrigaline, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carrigaline, Ráth Mhór
- XML Page 130
- XML “Seanphaidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do gaibh Muire is a mac amach go moch sa lá. Do tháinig ortha fear beannuighthe ón Róimh. Do bhronn sí uirthe brat ar a raibh tairringthe trí brainnse óir.
"Go mbeanniugthear dhíbh a lucht na mbrat ná ithidh feóil Dia Céadaoin - ná deinídh gearáin ar bhúr dtuirse. Deinidh bhúr síothcháin le mac Dé agus beidh sibh cómh n-aos leis na leinbh. Sé mo bhrat-sa brat na dtrí mbeann gur rugadh Críost is gur baisteadh Críost ann. Níl aoinne a dearfaidh mo marbhna gach maidin Dé Luain ná geoghaidh sé Flaitheas Dé gan duadh gan atuirse agus radharc ar Muire trí uaire roimh bás."Ag dul isteach i Séipéal abair:-Beannuighim duit a Crois, a crann de'n duilleabhar glais. An crann gur céasaidh Críost agus beannuighim duit airís a Chrois.
Beannuighim duit seipéal na h-eaglaise. Beannuighim duit a theampaill na tríonóide. Cuirim m'athcuigní súas chun an Árd rí glórmhar ar urlár a thíghe féin - Is nár théigim méag go brách Air.(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Thuama
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Bhraoin
- Other names
- Máire Ní Bhraoin
- Máire Uí Thuama
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80