School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí duine uasal na chomhnaidhe san áit seo fadó agus ní raibh aige ach an t-aon mhac amháin. Ag fiadhach ar na sléibhte a chaitheadh an mac a shaoghal agus is minic nach dtagadh sé abhaile ó mhí go mí. Chodhluigheadh sé i dteach eicint ar na tamhnachaí. Bhíodh capall aige le h-aghaidh gach lá, an capall a bheadh indiu aige ní hí a bheadh imbáireach aige. Bhí cú agus guna freisin aige. Uair amháin thárla go ndeachaidh dhá eala bhána thairis siar san spéir. Chuimhnigh sé go n-ísleóchaidís ar a leithéide seo de loch. Ní dheárna sé ach a ghuna do leagan ar thulán agus dubhairt sé le na chú fanacht dá bhfaireadh. D'éalaigh seisean tré chnuic agus gleannta nó go dtáinig sé comhgarach do'n loch. Chonnaic sé beirt bhan álainn ghá nigheachán féin san uisge, agus a gcuid bratacha geala leagtha ar an mbruach acu. Bhí sé ag imtheacht ar a bholg choidhchin 's go deó nó gur eirigh leis na bratacha árdú uatha i ngan fhios. Nuair a bhí siadsan réidh ní raibh na bratacha le fagháil agus d'imthigheadar ag cuartughadh nó go dtáinig siad leisean. Dubhradar go dtiubhraidis dó gach a n-iomcharóchadh sé d'airgead ach na bratacha do thabhairt dóibh. Ach ní raibh seisean sásta. Annsin(continues on next page)
- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Informant
- Lochlainn Ó Cúláin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 57