School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclúid agus bean óg ag imtheacht ar fud an tighe. D'imthigh sí chuig an tobar. D'fhiafruigh an fear de'n sean-fhear a' bí a inghean a bhí ag dul ag an tobar. "Ó ní h-í" adeir an sean-fhear, "sin í mo bhean". D'imthigh an fear amach agus shocruigh sé an oidhche a chaitheamh i gcoca féir. Ní raibh sé ach socruighthe nuair a tháinic an bhean leis an uisge agus saighdiúir i n-éindigh léi. Tháinig siad isteach san iothlainn. Thosnuigheadar ag cainnt. "Tá an-seans agat anocht," adeir an bhean. "Tá fear óg imthighthe isteach sa teach leis an oidhche a chaitheamh i n-éindigh linn agus beidh siad cinnte gurab é a mharbhuigh é."
An fhad 's bhíodar ag cainnt thuit píosa as cóta an tsaighdiúra agus rinne sé dearmad í phiocadh suas. Nuair a bhí siad imthighthe chuaidh an fear sall agus thóg sé an píosa. "B'fhéidir go dtiocfadh sé sin isteach úsáideach dhom uair eicínt," adeir sé, agus chuir sé an píosa i n-a phóca.
Mharbhuigh an saighdiúir an sean-fhear an oidhche sin. Rugthas ar an bhfear óg lá'r na mháireach. Cuireadh milleán air mar gheall ar bhás an t-sean-fhir. Lá na cúirte bhí an t-óigfhear ag cainnt le oifigeach airm. Theasbáin sé an píosa éadaigh dhó. "Tabhair agam annseo do chuid saighdiúirí ar fad," adeir sé. Tugadh na saighdiúirí chuige. D'fhéach sé a' dtiocfadh an píosa éadaigh isteach in aon chóta acu. Faoi dheireadh d'aimsigh sé an saighdiúir a raibh an píosa freagarthach dá chóta. B'shin é an fear a rinne an dún-mharbhú. Cuireadh cúirt air agus crochadh é.
D'imthigh an fear óg leis nó go dtáinig sé go baile. Bhí an doras dúinte roimhe. Bhreathnuigh sé isteach tríd an bhfuineóig. Chonnaic sé a bhean 'na suidhe sa gclúid agus fear 'na(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Fionnagáin
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Pheadair
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Fánach, Co. Galway