Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taréis gach uair a théighid thart ólaid braon. Tá cloch ann freisin agus aghaidh Brighde Naomhtha le feicéal ann. Bíonn ar na daoine é sin a phógadh gach aon uair a théighid thart. Ní fios ar leigheasadh aon duine ag an tobar nó nar leigheasadh. Deineann gach uile duine an "stations" ar son nídh éigin. Deineann cuid díobh é chun rudaí d'fhaghail cuid eile ar son daoine atá marbh, agus gach duine ar son nídh éigin.D'fhágadh siad rud éigin in a ndhiaidh fadó - giotaí dá gcuid éadaigh, airgead nó croiseanna. Nuair a bhíonn an " station " thart tagann na mná riaghalta amach as an gclochar agus bailigheann siad na neithe a fágadh ag an tobar agus cuireann siad i leath taobh i mbosca iad nó tugann siad do na díleachtaí iad.Níl aon iasg san uisge cor ar bith ach tá crainnte in aice leis an tobar ceann nó dó agus is ortha a crochtí na píosaí éigin.Tá tobar eile i mBawnboy agus " Tobar Mogue " a tugtar air. Ar an gcúideadh lá déág de Lughnasa a théigheadh na daoine chuige ach ní dóigh liom go dtéigheann éinne chuige ach daoine as an gcomarsanacht.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin