Scoil: Cluain an Droma, Mullach (uimhir rolla 5267)
- Suíomh:
- Cluain an Droma, Co. an Chláir
- Múinteoir: Brian Ó Huiginn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mac Sheán Mic Carthaig, Clochán na h-Ínse do cnuadaig an méid seo thíos - Rang V 1.2.'38
Ar an 3adh lá de Dheireadh Fóghmair 1907 cailleadh long darb ainm Leion XIII ar chósta Caoillte. Nil acht timcheall 30 bliadhain ó tharla seo. Bhí an long seo ag iomchur ualach cruitneacthan ó Americea Theas go dtí Luimnig. Nuair a bhí sí ag tarraingt in-aice le Oileán na gCaorach d'éirig stuirm agus brísead an seól. Annsan séideadh an long ó áit go h-áit mór-timcheall na fairrige craosaighe. Táinig si isteach in -aice an chósta agus thuith sí i gcoinnibh oileán Siuicre. Bhí sí déanta d'iarrainn agus d'oscail sí nuair bhuail sí an charraig. Do scaipeadh na rudaí go léir a bhí istigh innte agus thosaig na daoine á mbaliú. Thosaigh an triúr fear a bhí mar fhuireann aice ag snámh mór thimcheall na fairrige agus chuaidh cúpla currach amach cun iad do shábhail. Bhí fear ann darbh ainm Albert Slusher agus sciob feacht é amach go dtí Oileán na gCaorach acht chuaidh currach amach fé'n a dhéin. Ní raibh aon snámh ag an gcaptaen ná ag cuid de's(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clochán Insí, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Clochán Insí, Co. an Chláir