Scoil: Cluain an Droma, Mullach (uimhir rolla 5267)
- Suíomh:
- Cluain an Droma, Co. an Chláir
- Múinteoir: Brian Ó Huiginn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go h-Ámericá ag mancuigheacht ar asal. Do bhí sé ag dul mór thimcheall agus casadh fear eile air. Cuadar isteach í dtigh tábhairne agus thosnuigheadar ag ól. Do cheangail sé an t-asal taobh amuigh de’n tig. Do tháinig buachaillí na sráide agus bhíodar ag sughradh leis an líne go dti gur sgaoileadh an t-asal agus d’imthigh sé leis féin annsan. Nuair do tháinig an fear amach ní raibh aon asal le fágháil aige. Bhí sé ag chur ceiste ar gach duine an bhfacadar a asal. Í gceann tamall tháinig sé go tigh ósta. Chuaidh sé isteach agus bhí a leabaidh réidh. Nuair do chonnaich se ar an leabaid do bhí sé go gleóite sin go mba leasg leis luighe uirthí. Do luighe sé fé’n leabaidh. Do tháinig fear agus a bhean isteach agus luigheadar ar. Do bhí an fear ag chainnt go bladarach dubhairt sé go bhfaca sé an domhain í súilibh na mná. Dubhairt an fear eile. An bhfuil aon tseans go bhfaca tú m’asal.
- Bailitheoir
- Treasa Ní Luanaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Loiscthe, Co. an Chláir