Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhráin a Cumadh sa Cheantar (ar lean)
“Scéal áthais tá agam le innsint”
(ar lean ón leathanach roimhe)210
Ní fhanfaidh daoine óga sa tír seo
Do straaca 's dá gclaoidheachaint mar stáid. X1X
Is ró -mhaith an congnamh dá n-díbeart ,
An aiste se bhíos ag na mnáibh,
Ní airightear anois 'arís é
'Sní cuirtear aon tsuim sa bheagán.
XX
nó go n-áireamhtar suas ortha an pínnse
'S mó é ná an cíos le seifteáil
Do thabharfainn -se comhairle maith díbh-se
Dá nglacfadh 'sibh cainnt amadáin.
XX1
Breith ar an tae-pot go iogmhar,
Is gan sccarúint leis choidhche ar bhúr láimh
Go dtéigheadh sibh ós cionn puill an díocháin
'Sé a ruaga uaibh síos ann go bráth.