Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (I)A Ghaedhil 'sa cháirde 'gus mar tá sibh!Is buadhartha an cás tá mé ag dul a luaidh:Ár rúnaidhe áluinn an Brianach grádhmhar,Bheith ag fágail slán againn go luath.
(II)Is mó oidhche aerach bhí againn le chéileAr Scoil Mháigh Mhóir, is i Lios Cheannúir,Ag spórt is ag pléidhreacht agus ag innsint scéaltaAgus Tadhg Ó Ruadhain dhá radadh dhúinn.
(III)Ar son nách Gaedhilgeóir ó thúis a shaogail éDo chuir sé spéis agus suim san ghnó,Chum an Béarla tacair do ruagadh as Éirinn,'S ár dteanga Ghaedhilge a chur fé réim go deo.
(IV)Nuair a thagann Beácaí is ár rúnaí gléigealMicheál Ó Ríadaigh agus Seán Ó Maoil Eoin,Cuirfid na ranga le chéile a leabhar ag gach aoine,Agus ag léigheamh na gaedhilge go blasda dhúinn.
(V)Is oth 's is dith liom gur fhág tú an tír seo,D'athair dílis 's do Mhaithrín féin,Beid ag gol is ag caoineadh de ló 's d'oidhcheIs tusa na milte uatha i gcéin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrowntedaun, Co. an Chláir