School: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (roll number 9425)

Location:
Rinneen, Co. Clare
Teacher:
Pádhraic Ó Cionaoith
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0621, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0621, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair
  2. XML Page 215
  3. XML “An Brianach Tréan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (I)
    A Ghaedhil 'sa cháirde 'gus mar tá sibh!
    Is buadhartha an cás tá mé ag dul a luaidh:
    Ár rúnaidhe áluinn an Brianach grádhmhar,
    Bheith ag fágail slán againn go luath.

    (II)
    Is mó oidhche aerach bhí againn le chéile
    Ar Scoil Mháigh Mhóir, is i Lios Cheannúir,
    Ag spórt is ag pléidhreacht agus ag innsint scéalta
    Agus Tadhg Ó Ruadhain dhá radadh dhúinn.

    (III)
    Ar son nách Gaedhilgeóir ó thúis a shaogail é
    Do chuir sé spéis agus suim san ghnó,
    Chum an Béarla tacair do ruagadh as Éirinn,
    'S ár dteanga Ghaedhilge a chur fé réim go deo.

    (IV)
    Nuair a thagann Beácaí is ár rúnaí gléigeal
    Micheál Ó Ríadaigh agus Seán Ó Maoil Eoin,
    Cuirfid na ranga le chéile a leabhar ag gach aoine,
    Agus ag léigheamh na gaedhilge go blasda dhúinn.

    (V)
    Is oth 's is dith liom gur fhág tú an tír seo,
    D'athair dílis 's do Mhaithrín féin,
    Beid ag gol is ag caoineadh de ló 's d'oidhche
    Is tusa na milte uatha i gcéin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Carrowntedaun, Co. Clare