Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhráin a Cumadh sa Cheantar (ar lean)
“Scéal áthais tá agam le innsint”
(ar lean ón leathanach roimhe)5.
Do leath sé ar fuid ár seacht sinnsear,
'S do dhéan sé gan amhras, díobháil ;
Do tharraing chugainn nervous cipínneach,
'S do dhéan sé d'ár n-inntin sceolán.6.
'S do chuir sé ó chodladh na h-oidhche iad
'S do chuir sé na mílte ar fán :
Níl áireamh ar domhain ná cur síos air,
Cad a chuinneochaidh an tigheas ná an bothán.7.
Acht an tae-phot ar a thóin sa ghríosaigh
Is an ghreidioll fíor líonta le arán.
Annsan nuair d'ólfadh siad feed de
Is aireochaidh siad líonta an t-seogán.8.
Ag imtheacht ag réicúlacht go dtí an oidhche,
Is gan bhreith ar fiú an píce in a láimh,
Badh cheart do's na sagairt seo guidhe dhóibh
Go dúthrachtach dílis gach lá.9.
An "seic" a chuir thall ar na craobhacha,
Ar a bhfásann an síol agus an bláth,(leanann ar an chéad leathanach eile)