Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhráin a Cumadh sa Cheantar
“Scéal áthais tá agam le innsint”
206
Amhráin a chumadh sa Cheantar.
Amhrán an Tae.
“Scéal áthais tá agam le innsint”
Nár bhfuláir é a chraobhscaoileadh i ngach áit.
Go bhfuil tae dhá leanágha ar fud na tíre ,
Is cárr ag gabháil timcheallgach lá. 11
An "calatí"is fearr agus is daoire;
'Siad siúd dá scaoileadh ar bheagán;
'S mar a bhfuil airgead lámh"gaibh"le síneadh"
Go dtabharfaidh sé mí dhíbh chun spáis. 111
Bhí sé ag imtheacht as ár gcuimhne
Go dtáinig se arís chugainn don áit,
mar bheadh airgead fairsinn in ar dtimcheall,
mar a bhíodh ag seandaoine ag spáráilt. 1V
(Sórt prátaí)Da ndéanfaidís teacht le "Seampailí"
Óbhíodar chomh líonmhar ag fás,
Nuair tháinig se i dtosach sa luing chugainn
Cois cuanta agus timcheall na trágha.(leanann ar an chéad leathanach eile)