Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 521

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 521

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 521
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tharraingt amach ina dhiaidh, mar ní raibh sé le fanamhaint san tíghe acht cúpla nóimeat. Thárla go raibh cuideachtain meidhreach sa tíghe roimhe agus bhí sgéal greannmhar tosnuighthe aca agus d'fhan sé ag éisteacht go ceann tamaill mhaith. Do bhí nós ag búachaillí an cheanntar teacht go dtí tíghe an fhear seo gach oidhche ag imirt cártaí. An oidhche seo thángadar go lúath mar ba gnáth leo. Chuadar go dtí an doras agus bhí sé ar oscailt agus chuadar isteach agus ní raibh aoinne istig rómpa. Tamaill ina dhiaidh sin tháinig búachaill aimsire an fhir chomharsain isteach agus d'íarradar air cé raibh sa tíghe núair a bhí sé ag teacht. Dubhairt sé go raibh Seán Fada agus cúpla fir eile ann. Fear mór sprideanna dob eadh Seán Fada agus bhí fhios ag na búachaillí annsan go bhfanfadh an fear tamaill maith. Dubhradar le na chéile go mbeadh seift éigean deanta aca núair a thiocfadh an fear. Fé dheire cheapadar ar seift. Thugadar an t-asal isteach ó'n stábla agus cheangaileadar de chosaibh an leabthan é. Nuair a bhí sin deanta chúadar amach agus dhúnadar an doras. Tháinig an fear abhaile ar a h-aon-deag a chlog agus fúadar mór fé. Núair a tháinig an fear isteach níor dhein sé acht dul síos sa tseomra. Cad a bhuaileadh i gcoinnibh san tseomra acht an tasal. Do bhaineadh geit as an bhfear agus do leig sé béic as. Do las sé lasán agus chonnaic sé an tasal. "Ó Dia lem
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge