Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 480
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má guintear duine leis an suíl millteach is féidir é leigheas le smuggairle.Uaireannta cuirtear crudh asail isteach i gcliabhán leinbhBíonn coinnlí ar lasadh i dtigh in a mbíonn duine marbh, agus má bhíonn ceann aca dóíghte roimh ceann eile sin comhartha go bhfuigheadh duine de mhuinntear an tigh sin bá roimh i bhfadNuar a ghearrann dhuine a cuid gruaige cuireann sé salann ar a cheann.Má thuiteann duine i roilig ní comhartha maith é; deirtear go bhfuigheadh sé bás roimh i bhfad.Nuar a thógann daoíne comhartha isteach i roilig, teigheann siad timcheall na roilige ar fad leis.Nuar a thuiteann duine cuireann sé figiú na croise san áit in ar thuit sé.Bhíodh sé mar nós ag na sean daoine gan aon píosa iarainn a leigint as an tigh an fhad is bhíodh cuigeann dhá dheunamhNí comhartha maith an ghealach nuaidh a fheiceál tríd an GHLAOINNE.