Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 413
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Is minic a chuir fear na luachra, fear na cruadhach amach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tagann an lá agus geibheann an bó gno dá earball.
Is fada é an bórthar gan casaidh a bheith ann.
Sé an bothar timcheall an aith-ghiorra go minic.Bhí garsún beag ann uair amháin agus fuar a mháthair bás. Bhí sí ag dul go tigh eile agus do dhein sí ath-ghiorra thar abhainn. Thuit sí isteach agus do bádhadh í. Do phós a athair arís agus bhí leas-mháthair aige annsin. Bhíodh an máthair ag deunamh cranachán do i gcomhnuidhe agus bhí "times" maith aige go dtí go dtáinig an leas-mháthair Bhí sisean ag cuir laicín beag isteach san cranacháin do, agus tar eis tamall bhí sé ag fághail bháis leis an ocras. Oidhche amháin bhí sé i n-aice na teinne agus seo mar a dubhairt se:-
Blian is lá indiu
Do bádhadh mo mháthair
Agus da raghadh sí timcheall
Is fuide ó shon bhí sí ag baile.
Is truag cráidhte nách bhfuil mo laicín scríobaithe agam
Mo cosa nighte agus me im chodladh
Agus bhíodh mo mháthair caoch nuar a bhíodh sí ag creithirt na mine.
Bhí an t-athair ag éisteacht agus do bhris sé an cranacháin agus fuar sé an leac istigh ann. Ó shin amach bhí am maith ag an ngarsún.- Faisnéiseoir
- Séamus O' Donoghue
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bánsliabh, Co. an Chláir