Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuil. Dun sí an doras arís agus sgannradh mór uirthi agus cuaidh sí síos. Nuair do connaic sí an fuil abhí ar a cos thosnuigh sí ar í nigheadh agus í nigheadh agus í nigheadh ach níor bhain aon blúire de’n fhuil de’n cos agus ní bainfead dá mbeidead sí gá nigheadh osconn. Nuair a tháinig an fear abhaile um thrathnóna do cur sí a cosa i bfolach fé’n a gúna ionnus na feicfeadh sé an fuil (agus nach naithneochadh sé go) agus nách n-aithneochadh sé go n-deachaidh sí isteac in san seomra. ‘Sé dubhairt sé sin, “ar dheinis mar a dubhairt mé leat?” “Dheineas” ar sise. “A n-deacaidh tú isteach sa seomra úd?” ars eisean. “Ní dheacaidh mé” ar sise. “Má’s rud é nach dheachaidh tú”, ar seiseann, “ní misde dhuit do cosa thaisbeánt dom”. B’éigean dí na cosa thaisbeáint agus nuair chonnaich sé an fhuil bhí fhios aige gur bréag abhí sí ag innsint dí agus cuaidh sé insteach sa seomra ‘na raibh an fhuil agus thug sé slaitín draoidheachta amac leis. Buail sé leis an slaitín í dhein sé céarc dí agus cuir sé isteac í seomra an fola í agus do dhún sé an dorus uirthe. Cúpa lá ‘na dhiadh sin bhí an dara deirbhfhiúr do ingheanaibh na baintreabhaighe ag tabhairt bídh do na cearcaibh arís nuair tháinig an coileach beag arís le h-aghaidh an sgeul do ghiorrughadh do thuit gach(leanann ar an chéad leathanach eile)