Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 133
- XML “The Stream Where Three Boundary Walls Meet”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- The stream where three boundary walls meet.Tá leigheas ann, nuair a tógtar isteach é maidin Bealtaine, leigheas ann igcóir ím, beithidhigh, agus daoine.
Deirtear go mbíonn na sidheóga amach oidhche Bealtaine, agus aon fhear a thuiteann tinn oidhche Bealtaine, deirtear gurb iad na sidheoga fé ndeara an tinneas.Bhí bean agus beirt mac na gcómhnuidhe i Litir Úi Cheallaig uair agus bhíodh sí ag déanamh a lán ime, acht taréis a bháis ní raibh na buachaillí ábailte aon íme do dhéanamh in aon chor. Do chuireadar an milleán ar mhnaoi comharsanachta, agus dubhradar gurb í sin a bhí ag tógaint an íme. Do chuireadar fios ar Mr. Blackwell ó Inis Díomáin teacht cun an leabhair dubh a osgailt feachaint cé bhí ag tógaint an íme. Nuair a tháínig sé chonnachadar gurb í a máthair a bhí ag tógaint an íme, agus ba thobar go dtuitfeadh an t-anam aiste.Dár nígh tú d'aghaidh i drúcht maidin Bealtaine deirtear nách bhfuigfá pian id cheann as san amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Nora Murray
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir