Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo cluiche a bhíodh ag imirt ag na páistí fadó, sé an ainm atá air ná Séamróg a Mhic. Seo an slíghe a ndéantar é. San geimhreadh is mó imighthear an cluiche seo. Suidheann na páistí tart ar an dteine agus lasann duine aca slisín giúise agus tógann sé ina láimh é, agus bíonn an rann seo gá rádh aige. A Séamróig a Mhic, is tusa tá ghlic, Má fhaghann tú bás, Is bocht é mo chás. Annsan séidheann sé trí puth dá anáil air, agus má fhanann an slisín giúise lasta, thughann sé do dhuine eile é, an duine is giorra dó de gnáth. Déanann an dara duine an chleas céadna leis an sllsín giúise agus annsan tugann sé do duine eile é. An té a mbíonn an slisín ina láimh aige nuair a mhuchann sé caitheadh an duine sin cromadh ar an urlár ar a dhá glúin, agus a dhá láimh, agus a shúilí a dhúnadh. Cuirtear rud ar a dhruim, agus deirtear seo le gach rud cuirtear air. "Is trom é, is trom é cérd a luigheann ort. Caithfeadh sé innsint annsan cad tá curtha ar a dhruim. Chuir i gcás gur tlú atá curtha air agus gur fhreagair sé leabhar nó rud éigin eile atá mí-cheart, deirtear annsan leis. "Fán annsan a tlú, go bhfuighead tlú eile. Leantar leis an cluiche mar sin, ag cuir rudaí ar a dhruim, go mbéadh fhios aige go ceart, cérd
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chrádhfort
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Murray
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir