Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 069
- XML “An Coileach Draíochta”
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níos mó. Chuaidh sí isteach annsan, agus do mhair sí féin agus a máthair agus a beirt deirbhsúir ar feadh morán bliadhain na dhiaidh sin agus níor tháinig tuilleadh trioblóid ortha go lá a mbás.
- Tamall ó shoin bhí feirmeóir bocht ina chomhnuidhe i gceanntar ar a dtugtaí Sgeach. Tá an t-ainm ceadhna ar an ait fós, ar thaobh thuaidh de Sliabh Calláin. Oidche airithe do thaidhreamh an fear seo go raibh cróca óir i bfolach in aice droichid a bhí comhgarach do cathair Luimníghe. Nuair d'éirig sé maidin lá ar na bharach, do chuir sé é féin i gcóir agus súd cun bothair é, níor bfhada gur shrois sé an droicead, agus thosnuigh sé ag cuardaigh é is ag ramhar. Duine a bhí ag dul thart, thug sé fé ndeara an cuairteóir agus do chuir an bheirt cainnt ar a céile, tríd an cainnt agus an comhrádh, d'admhuigh an Cláiríneach an fonn a bhí air, agus cad a rug go dtí an ait é. Tá tú ag dul amú adubhairt an stróinséir, ní annsan atá an óir cor ar bith, acht inaice droichid laimh le Sliabh Calláin. D'innis sé go cruinn an áit a raibh an t-ór i bfolach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Aod Mach Cuirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Clochán Beag Thiar, Co. an Chláir