Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Lahinch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mar bhí an chró chómh bheug sin. Tháinig an teinntreach mór agus bhuail sé i gcoinnibh dorais an cró. Bhí cosa an fhir bhoict sínte amach agus sguaib an teinntreach na cosa dhe. Ins an tráthnóna tháínig a bhean agus fuair sí é fuar mairbh agus a dhá chois sgiobtha uaidh agus is beug nár thuit an t-anam aisti leis an sgannraidh a tháínig uirthí. Agus geallaim dhuit go raibh sí brónach ag dul abhaile mar gurb í féín a chuir an fear amach ag sabhailt an fheír.

    San blian 1926 do bhí tóírneach agus teinntreach mhór ann. Sé sin 11 de bhliantaibh ó shoin. Lá breagh ciúin a bhí ann i dtosach an (?) acht timceall a dó a clog tháinig aththrú mor ins an spéir. Thosuig na nealta móra dhubha, bagarthacha ag teacht amach ins an spéir, agus fé dheire thosnuig an tóírneach go throm (?). Do bhí eagla ar na daoine roimhe, do lean sé go dtí a chúig a clog an maidin in a dhiaidh sin. Do dhein sé a lán díogbhála ar fuad na h-áite seo.
    Cúpla míle ón áít seo do dhein sé a lán dioghbhála ar fad, idtigh Uí Murcadha. Bhuail an teinntreach i gcoinnibh taobh den tíghe agus chuaidh sé amach an taobh eile. Do dhein sé poll
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maire Ní Mhathúna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir