Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó cuirtí a lan saidhbhreas i bhfolach fén dtalamh. Sé an fáth go ndeintí é sin ná cuntad a chun iad a chur i bhfolach ó na Danair agus ó na Normánaig nuair a bhí tír na hÉireann fé smacht acha mar dá bhfuigid siad sin sadharc ar an óir do doifdeadh siad é.
Bhíos ag sgupuidheacht idtigh sa comhairsanacht aréir, agus bhí cuisd de na comhairsain tagaithe isteach ann, agus is é an cómhráidh a bhi ar siubhal acha ná mar gheall ar óir atá i bhfolach sa comhairsanacht seo. Dubharadar go raibh buicéad lán d'ór i bhfolach in aice mo thig cómhnuidhthe igcnoc ar a dtugadae Malla ar an dtaobh theas de Chorach ó Dea. Is dóigh liom gur fear darb ainm Seamas Ruadh a chur i bhfolach ann é in eallód.
Deirtear go bhfuil bean ruadh le fescint ann uaireanta ibhfeughul anóir agus go mbíonn sí ag seinim ar flute. Uair amháin chuaidh beirt fhear ann cun é d'fhagháil. Nuair a bhíodar ag teacht inaice na háite do chualadar an ceól acht mór chuireadar sgríod suime innte. Ach nuai a chonnacadar an bhean ag teacht na dtreo do theip a meisneacg ortha, agus do riteadar abhaile ar a ndícheall le neart sgannpaidh. Níor deineadh aon iarracht eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó' h'Éaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó' hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Boolyduff, Co. an Chláir