School: Cahermurphy, Cill Mhichíl (roll number 15327)

Location:
Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
Teacher:
Séamus Ó Laoighléis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0602, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0602, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cahermurphy, Cill Mhichíl
  2. XML Page 139
  3. XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - An Díbirte ó Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    daoine atá comnuidhe orra i Leath h-Ínse, tá an "Exile of Erin" as béarla de ghlan mheabhair ag an bhfurmhór aca freisin, nuair a deireann siad ceann aca deireann siad an ceann eile 'na dhiaidh cun iad a cur i gcomparáid le na chéile agus an cosamhaileacht atá eatarra d'fhagháil amach, sé sin ar eagla go ndéanfaidís dearmhad ar an ceann as Gaoluinn mar sin is féidir le rádh go bhfuil sé i gceart aca.

    * * *

    Seo ceann eile an-dheas a scriobh an file ceadna agus is minic a cloistear é timcheall Leath hInse. Tá scéal le hinnsint i dtaobh an "Cailín Deas Cruidhte na mBó."

    "Cailín Deas Cruidhte na mBó
    Bhí sagart paróiste ana naomhtha i Leath hÍnse, agus bhí cailín aimsire óg aige. Lá amháin bhí sí ag nighe éadaigh fé droichead agus bhí amhrán neamh-dheas ag gabháil aice, bhí an sagairt paróiste 'na sheasamh ar an ndroichead agus chuala sé an amhráin abhí ag gabháil aice. Nuair a tháinig sí isteach dubhairt sé léí gan a bheith sa tig ar an maidin a bhí chúcha. Bhí sí i gcruadh chás agus chuaidh sí go dtí an sagairt óg agus d'innis sí an scéal dó, dubhairt sé léí go ndéanfadh sé a dhícheall chun cabhair a thabhairt dí, fuair sé a peann, agus scríobh sé amhráin seo leanas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál C. Ó Laoighléis
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
    Informant
    Micheál Mac Con Luachra
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Cluain na Cille, Co. an Chláir