School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí eolas ag Naomh Íde ar na rudaí a thuitfidh amach sa tsaoghal so agus sa tsaoghal eile. Bhí easbóg ag teacht ar cuaird uirthi uair amháin gan aon phioc d'eolas a chuir cuici go raibh sé ag teacht.An oidhche sar a shrois sé Cluain Cr (-) amh, d'órduig Naomh Íde fleadh agus féásta do bheith ullamh 'na chomhair. Bhí sin go maith ach do chuir sí iongnaidh is alltacht ortha go léir nuair d'iarr sí beannacht Easbuig air taréis teacht dó gan aon eolas saoghalta d'fhághail gur easbog a bhí ann.Tráth eile, fuair a h-uncail, a bhí 'na chomhnuidhe i gCo Phortláirge bás agus chuir Íde fios ar a bheirt mhach agus dubhairt sí leo go raibh a n-athair i b (-) agus go raibh ortha déirce a thabhairt agus trosgadh a dhéanamh ar feadh lae agus bliana ar son a anama. Chuadar abhaile agus i gceann na h-aimsire sin thángadar go Cluain (-) airís. Dubhairt sí leo go raibh a n-athair i ngéibhinn fós agus bliain eile a caitheamh sa tslighe céadna. Igceann na bliana sin thángadar cuici airís agus dubhairt sí leó go raibh a n-athair anois